New Irish dictionary App, Teanglann

31st October 2017

Tá aip foclóirí Gaeilge nua, Teanglann, ar fáil anois ina bhfuil leaganacha digitithe d'fhoclóirí Uí Dhónaill, de Bhaldraithe agus An Foclóir Beag chomh maith le bunachair ghramadaí agus foghraíochta. Tá an aip saor in aisce, agus tá sí ar fáil do chórais iOS agus Android araon. Ciallaíonn sé seo nach gá bheith ceangailte leis an idirlíon a thuilleadh chun na háiseanna seo a úsáid, agus is féidir le daoine na foclóirí agus bunachair aonair san aip a íoslódáil nó a scriosadh ceann ar cheann mar is áil leo féin. Tá áiseanna breise san aip leis, mar shampla déantar uathchríochnú sa chuardach, is féidir réiltín a chur leis na hiontrálacha is fearr leat chun iad a shábháil, coimeádtar liosta de na cuardaigh is déanaí a rinne tú, agus is féidir tapáil faoi dhó ar aon fhocal in iontráil chun an focal sin a chuardach Foras na Gaeilge a chuir an aip ar fáil. Is mar áis tagartha don phríomhthionscadal foclóireachta, an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge (www.focloir.ie/ga) a cruthaíodh leaganacha digitithe de na trí fhoclóir ar dtús, ach aithníodh gurbh áis an-luachmhar do phobal na Gaeilge i gcoitinne iad agus tá na foclóirí sin mar aon le comhaid ghramadaí agus foghraíochta ar fáil ar shuíomh www.teanglann.ie/ga ó bhí 2013 ann. "Is foinsí bunriachtanacha Gaeilge iad na foclóirí seo in aip Teanglann," arsa Pádraig Ó Mianáin, eagarthóir an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge. "Is é Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill an phríomhfhoinse is údarásaí ó thaobh na Gaeilge comhaimseartha, is é An Foclóir Beag an foclóir Gaeilge-Gaeilge is cuimsithí againn, agus cé go bhfuil an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge ar fáil anois ó 2013, tá cumhdach agus saibhreas teanga in English-Irish Dictionary de Bhaldraithe atá agus a bheas an-luachmhar ag pobal na teanga. Táimid an-sásta go bhfuil na foclóirí seo ar fáil mar aip chomh maith anois." Tá athrú ó bhonn ar chúrsaí foclóireachta le blianta beaga anuas agus féidearthachtaí gan teorainn á dtairiscint ag an nuatheicneolaíocht . "Ceann de na buntáistí móra atá ag tionscadail foclóireachta reatha Fhoras na Gaeilge ná gur féidir linn leas a bhaint as na forbairtí is déanaí agus is nua-aimseartha i ndomhan na foclóireachta idirnáisiúnta," a dúirt Cathal Convery, bainisteoir tionscadail an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge. "Ní amháin gur féidir cuardach i bhfad níos éifeachtaí a dhéanamh sna foclóirí leictreonacha, ach is féidir gnéithe breise ar nós comhaid ghramadaí agus fuaime a chur leo a chuireann go mór le heispéireas agus le foghlaim na n-úsáideoirí. Tá os cionn milliún úsáideoir sa bhliain ag úsáid shuíomh teanglann.ie, agus táimid dóchasach go mbeidh ráchairt mhór ar an aip freisin." Is féidir an aip a íoslódáil:-  ón App Store (https://itunes.apple.com/ie/app/teanglann/id1152438808?ls=1&mt=8) nó  ón Play Store (https://play.google.com/store/apps/details?id=com.idmgroup.fng.retro), agus nuair a bhíonn an aip suiteáilte is féidir na foclóirí agus na bunachair ghramadaí agus foghraíochta a íoslódáil ceann ar cheann. Friday 27 October 2017 (Leagan Gaeilge thuas)

A new Irish dictionary app, Teanglann, is now available containing digitised versions of the Ó Dónaill, de Bhaldraithe and An Foclóir Beag dictionaries, as well as grammar and pronunciation files. The app is free, and is available in both iOS and Android versions. This means that users no longer have to be connected to the internet to use these resources, and they can download or remove individual dictionaries and databases as they require. The app also has additional features such as the search autocomplete, a ‘favourites’ feature to help save your preferred entries, a history of recent searches, and a double-tap facility to allow you to look up any word from within the displayed entry. The app is published by Foras na Gaeilge. The digitised versions of the three dictionaries were initially created as a tool for the main dictionary project, the New English-Irish Dictionary (www.focloir.ie), but on the basis that they’re a valuable resource for all speakers and learners of Irish, these dictionaries have been available on the www.teanglann.ie website since 2013, along with the grammar and sound files "The dictionaries contained in the Teanglann app are essential reference sources in Irish," said Pádraig Ó Mianáin, editor of the New English-Irish Dictionary. "Ó Dónaill's Foclóir Gaeilge-Béarla remains the primary and most authoritative source for contemporary Irish, An Foclóir Beag is the most comprehensive Irish-Irish dictionary we have, and although the New English-Irish Dictionary is now available since 2013, the coverage and richness of language in de Bhaldraithe's English-Irish Dictionary is, and will remain, an extremely valuable resource for all Irish-speakers. We’re delighted that these dictionaries are now also available as an app." The world of dictionaries has seen major changes in recent years with limitless possibilities being offered by new technology. "One of the advantages of the current dictionary projects of Foras na Gaeilge is that we can avail of the latest and most innovative developments in international lexicography," said Cathal Convery, project manager of the New English-Irish Dictionary. "Not only do electronic dictionaries enable much more efficient searches, but we can also add extra features, such as grammar and sound files, which greatly enhance the user experience and learning. The teanglann.ie website already has over a million users annually, and we’re confident that the app will The app can be downloaded:-  from the App Store (https://itunes.apple.com/ie/app/teanglann/id1152438808?ls=1&mt=8) or  from the Play Store (https://play.google.com/store/apps/details?id=com.idmgroup.fng.retro), and once the app is installed the dictionaries and the grammar and pronunciation databases can be downloaded one by one.

Check out Live Sound Recordings in the Comhaltas Archive