🎶🎤 Jack Warnock ag Dún Uladh / Jack Warnock AT DÚN ULADH 🎶🎤
4th October 2018
Tá lúchair ar Dhún Uladh fáilte a chur ar ais roimh Jack Warnock chuig ár mbeár traidisiúnta dé Sathairn bheag seo don Oíche Ghaelach.
De bhunadh Mhachaire Rátha, tá clú agus cáil ar Jack i ndiaidh dó a bheith ainmnithe do Ghradam Cheol na nDaoine de chuid Raidió 2, agus i ndiaidh dó a bheith ag seinm sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath agus i Halla Albert i Londain.
Tá Jack ag seinm ó bhí sé iontach óg, agus tá spéis ar leith aige i gceol traidisiúnta. Is iomaí gléas ceoil atá ar a thoil aige ar nós pianó, maindilín agus giotar chomh maith le guth speisialta.
Tá Jack i ndiaidh a bheith páirteach (agus an bua aige) i go leor comórtas ag Fleadhanna Cheoil, ag leibhéal an chúige agus ag leibhéal náisiúnta, agus tá bua Jack don cheol ag dul ó neart go neart.
Beidh Jack agus Cairde i nDún Uladh dé Sathairn bheag seo ag 8:30pm. Le haghaidh tuilleadh eolais gabh i dteagmháil le Dún Uladh ag 028 8224 2777. Bígí linn!
Dún Uladh are delighted to welcome back firm favourite Jack Warnock to our traditional bar this Saturday night for our Oíche Ghaelach (Irish Language night).
A nominee of the prestigious BBC Radio 2 Folk Award, 20 year old Jack from Maghera has established himself in the Irish music scene having played in the National Concert Hall in Dublin and the Royal Albert Hall in London.
Having played from a young age, Jack has a keen interest in traditional music. Jack plays a number of musical instruments such as piano, mandolin and guitar as well as having a hypnotic singing voice.
Jack has competed in and won many Fleadh Cheoil competitions both regionally and nationally and his musical talents continue to go strength to strength.
Jack will be in Dún Uladh this Saturday at 8:30pm. For more information please contact Dún Uladh on 028 8224 2777. See you at Dún Uladh!